Is é cuspóir Scoil an Chaisil nó gnéithe agus tréithe iomláine an pháiste a fhorbairt, agus a chaidreamh le Dia, le daoine eile agus leis an timpeallacht ghinearálta a fhobairt san áireamh.

Is Scoil Chaitliceach í Scoil an Chaisil agus tá oideachas creidimh curtha ar fáil do dhaltaí trí chlár teagaisc Críostaí agus trí phaidreacha laethiúla. Ullmhaítear na daltaí do Shacraimint na Faoistíne, do Shacramint na Comaoineach Naofa agus do Shacraimint an Chóineartaithe. Léiríonn agus cuireann an scoil ar aghaidh fealsúnachta mhorálta bunaithe ar chreideamh i nDia agus i mbeatha, i mbás agus in aiséirí Íosa Críost.

Ionnaíonn agus cruthaíonn Scoil an Chaisil caidreamh láidir oibre leis an Eaglais áitiúl agus glacann daltaí páirt in a lán ceiliúradh liotúirgeach. Cothaítear caidreamh láidir oibre idir lucht bainistíochta, mhúinteoirí, thuismitheoirí agus dhaltaí.

Tá spiorad agus meon cóimheasa curtha chun cinn taobh istigh den strúctúr seo d’fhorbairt agus do shláinte gach duine a bhfuil baint acu leis. Tugann an scoil aitheantas do dhínit, luachanna agus riachtanais oideachasúla ginearálta an pháiste. Léirítear é seo i ngnáth-éagrú na scoile agus i leibhéal ginearálta na rannpháirtíochta a cheaptar agus a bhaintear amach.

Tugtar deis do gach dalta in Scoil an Chaisil, is cuma riachtanais nó cúlra s’acu, a bheith páirteach in imeachtaí uilig na scoile, gníomhaíochta curaclaim agus seach-churaclaim araon. Cuirtear béim laidir ar thábhacht na rannpháirtíochta. Cothaíonn sé seo spiorad rannpháirtíochta, comhoibrithe agus measa dá chéile agus airíonn se go bhfuil rud fiúntach déanta.

Tá sé mar aidhm ag Scoil an Chaisil naisc idir an Scoil agus an baile a chothú i gcónaí. Tacaíonn agus cuidíonn tuismitheoirí agus múinteoirí a chéile chun na páistí a dhíriú agus a threorú chun barr a gcumais a bhaint amach. Spreagtar tuismitheoirí a bheith páirteach ag leibhéil éagsúla i neart imeachtaí ar mhaithe le gach duine.

Spreagtar de shíor foireann teagaisc na Scoile a mbuanna agus a gcumas proifisiúnta a fhorbairt chun cuidiú agus cúnamh a chur ar fáil do na daoine óga atá faoi chúram s’acu. Cruthaítear atmaisféar cairdiúil sa scoil chun aird a tharraingt ar ghean agus ar mheas. Léiríonn ár bpolasaithe éagsúla na luachanna Críostaí seo, le an-bhéim curtha ar chomhoibriú, ar mheas ar a chéile, ar mhaithiúnas agus ar athmhuintearas.

Oibríonn na múinteoirí i Scoil an Chaisil i gcomhar le daltaí, tuismitheoirí, lucht bainistíochta na scoile, oideoirí múinteora agus gairmithe eile chun comh-spriocanna a fhorbairt le haghaidh oideachais ar ardchaighdéan a bhaint amach d’achan duine.